Chun ceiliúradh Seachtain na Gaeilge, ghlac daltaí na hidirbhliana agus múinteoirí Ciara Ní Dhálaigh agus príomhoide na scoile Máire Ní Dhálaigh páirt sa RITH stairiúil i Sráid Uí Chonáill. Thosaigh an RITH ar lá fuar sneachta I gCill Droichid ar an 4ú Márta agus chríochnaigh sé 10 lá níos déanaí ar lá grianmhar i gColáiste na Trionóide. Ghlac 50,000 daoine páirt sa RITH a chuaigh tríd gach contae in Éirinn. Thosaigh na daltaí agus na múinteoirí ó Meánscoil San Dominic an Rith i Sráid Uí Phairnéill agus rith siad síos Sráid Uí Chonáill leis an teachtáireacht ón ár nUachtáran Michael D Uí hUigínn. Chríochnaigh an RITH sa Chearnóg i gColáiste na Trionóide le céilí agus ceol iontach ón ngrúpa ‘Seo Linn’ agus bhí am iontach ag gach duine agus léigh ár Ard Mhéara Críona Ní Dhálaigh an teachtaireacht ó Uachtarán na hÉirinn ‘Is fearr rith maith ná droch sheasamh’
Dúirt Leah Dunne dalta na hidirbhliana ‘Lá stairiúil a bhí ann agus thug sé deis dúinn an Gaeilge a labhairt agus lá a chaitheamh le chéile le ceol agus craic agus mar a deir an seanfhocal ’Tír gan teanga, tír gan anam’
Dúirt Ciara Ní Dhálaigh ‘ Táimid ag tnúth le páirt a ghlacadh sa RITH arís i 2018!!’